Turas ar Líne

An Séipéal

Tá dhá shéipéal taobh istigh de bhallaí Phríosún Chill Mhaighneann – ceann Caitliceach agus ceann Protastúnach. Níl ach an séipéal Caitliceach ar oscailt don phobal sa lá inniu. Tá an séipéal seo, leis na ballaí dearga, le fáil ar an gcéad urlár (tá an séipéal eile ar an urlár uachtarach, agus ba dhath gorm a bhí air sin). Siúinéir ó Bhéal Feirste, James Lalor, a rinne an t-altóir adhmaid anseo in 1882, agus é ina dhaoránach é féin ag an am. Den chuid is mó, thagadh na príosúnaigh Chaitliceacha ar Aifreann anseo gach Domhnach; uaireanta ba é an t-aon áit a mbuailidís le chéile, ag brath ar an méid a scoitheadh amach iad agus an tréimhse ama ina rabhadar daortha anseo. B’fhéidir gurb í an eachtra is mó le rá a tharla sa séipéal seo an pósadh ag an nóiméad deireanach a rinne Seosamh Pluincéid agus Grace Gifford i mí Bealtaine 1916. An tAthair Eugene McCarthy an sagart a phós iad. Ní raibh de sholas acu ach coinnle an phríosúin agus cé is moite de na gealltanais phósta a thug siad dá chéile bhí cosc orthu labhairt. Beirt saighdiúirí a bhí mar fhinnéithe acu. Dornán beag d’uaireanta an chloig ina dhiaidh sin, cuireadh an Pluincéadach chun báis.

An Sciathán Thiar

Nuair a d’oscail an Príosún ar dtús in 1796, bhí dhá sciathán shiméadracha ar gach aon taobh de bhloc lárnach. Níl ach ceann amháin de na sciatháin sin ina bhunriocht sa lá inniu, an Sciathán Thiar. Is é seo an chuid is sine den Phríosún. Tá naoi gcillín agus seachtó anois ann ach bhí níos lú an chéad lá, mar cuireadh síneadh leis le linn an naoú haois déag. Tá an chuid seo den Phríosún dorcha, duairc agus fuar. Nuair a tógadh ar dtús é ní raibh aon ghloine sna fuinneoga, ná teas ná solas ar bith. I measc na bpríosúnach polaitíochta a coinníodh sa sciathán seo bhí baill de na hÉireannaigh Aontaithe tar éis Éirithe Amach 1798 agus 1803. Coinníodh ceannairí Éirí Amach na Cásca in 1916 sa Sciathán Thiar leis, Pádraig Mac Piarais, Tomás Mac Donnchadha, Constance Markievicz, Tomás Ó Cléirigh agus Mícheál Ó Mealláin ina measc. Coinníodh banphríosúnaigh Phoblachtacha sa sciathán le linn an chogaidh chathartha. Ba sa sciathán seo freisin a tharla an t-éalú cáiliúil a rinne Earnán Ó Máille, Simon Donnelly agus Frank Teeling in 1921. Sna blianta roimhe sin choinnítí an chuid ba bhoichte de na príosúnaigh sa Sciathán Thiar, leithéidí na mbochtán a gabhadh as bia a ghoid in aimsir an Ghorta Mhóir, agus iad sin a gabhadh nuair a tháinig an tAcht Fuaidireachta isteach.

An Sciathán Thoir

Tógadh an sciathán nua seo sna 1860idí, bunaithe ar dhearadh an ailtire John McCurdy, agus de réir na hidéil nua maidir le príosúin a tháinig i réim i ré Victoria. Is féidir gach cillín a fheiceáil ó léibheann lárnach, smaoineamh atá bunaithe ar Panopticon Jeremy Bentham. Tá 96 cillín san iomlán. Tá tábhacht ar leith ag roinnt le solas an lae sa Sciathán Thoir. Bhí sé i gceist go líonfadh an fhuinneog dín ollmhór an foirgneamh le gathanna glana gréine. Ní raibh de sholas sna cillíní ach fuinneog bheag a bhí rófhada suas le féachaint amach as – rud a thug ar na daoránaigh a n-éadan a thiontú i dtreo na bhflaitheas. Bhí roinnt seomraí faoi thalamh sa sciathán seo a d’úsáidtí i gcás pionóis, iad beagnach go hiomlán dorcha. Anseo a coinníodh baill de na Fíníní sna 1860idí. I rith an Chogaidh Chathartha d’imigh go leor príosúnach sa sciathán seo ar stailc ocrais.

Seans gur mó an cháil choitianta ar an sciathán seo as an úsáid a baineadh as mar láthair scannánaíochta do roinnt scannán tábhachtach i gcaitheamh na mblianta. Ina measc siúd tá Michael Collins, In the Name of the Father, agus le deireanas, sraith drámaíochta RTÉ, Rebellion.

Clós na mBristeoirí Cloch

Is é seo an clós is mó cáil i bPríosún Chill Mhaighneann. D’úsáidtí é le haghaidh daoroibre ar dtús, agus tá grianghraf ar fáil anseo de dhaoránaigh i mbun saothair ann. Bhíodh botháin le hais na mballaí chun go bhféadfaí daorobair a dhéanamh go haonarach. Tá siad sin imithe anois ach tá a n-imlínte le feiceáil ar an talamh go fóill. Fir faoi bhreith daoroibre a bhíodh sa chlós seo den chuid is mó, agus chaithidís a gcuid ama ag briseadh clocha de láimh. Chuirtí mná a bhí faoin mbreith chéanna ag obair sa neachtlann ar feadh a dtréimhse siúd.

Is anseo a cuireadh chun báis ceithre cheannaire dhéag Éirí Amach na Cásca i mí Bealtaine 1916. Tá leac agus dhá chros i gcomóradh air sin sa Chlós inniu.