Díbirt

Ón uair a d’oscail sé go dtí tús na 1850idí, bhí Príosún Chill Mhaighneann in úsáid mar iosta do dhaoránaigh ó oirthuaisceart na hÉireann ar daoradh chun díbeartha chun na hAstráile iad. D’fhanaidís anseo sula n-aistreofaí go dtí cuan i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh iad. Bhí na soithí ollmhóra príosúnachta a sheolfadh go dtí coilíneachtaí pionóis na hAstráile rompu ansin. Is de bharr na húsáide sin a bhí an príosún chomh plódaithe, agus bhí údaráis an phríosúin ag gearán de shíor nach bhféadfaí an Príosún a rith i gceart go dtí go gcuirfí iosta eile ar fáil ina áit.

Próiseáladh os cionn 4,000 príosúnach trí Chill Mhaighneann sa tréimhse sin. Mionchoirpigh nó príosúnaigh pholaitíochta ba ea a bhformhór. Ghearrfaí téarma seacht mbliana, ceithre bliana déag nó saoil ar na daoránaigh de ghnáth. Roghnaíodh an Astráil toisc go raibh sé chomh fada ó bhaile; tháinig sé in áit Mheiriceá Thuaidh mar láthair phionóis nuair a tharla Réabhlóid Mheiriceá. Ar sroicheadh na hAstráile dóibh, chuirtí na príosúnaigh ag saothrú ar oibreacha poiblí nó chuirtí faoi dhintiúr iad i mbun obair feirme nó tí. Choimeádfaí mná i dtrí cinn déag de Mhonarchana Ban (ionaid táirgeachta) chomh maith. Nuair a bhí téarma an daoránaigh istigh bronnadh Teastas Saoirse orthu agus tugadh cead dóibh fanacht san Astráil mar dhuine saor nó fágáil agus dul abhaile.

Mionsonra ó chlár ginearálta an phríosúin. Cartlann Náisiúnta na hÉireann.
William Smith O’Brien (suite) agus Thomas Francis Meagher (ag seasamh taobh leis an ngarda) gafa in 1848. © Grianghraf le Simon Hill (le caoinchead OOP)

Laghdaítí an phianbhreith ar phríosúnaigh pholaitíochta trí iad a dhíbirt go minic. B’in an cás do reibiliúnaigh agus do réabhlóidithe i Sasana, san Albain, agus i gCeanada, chomh maith le hÉirinn. Chomh luath leis an mbliain 1805, níos lú ná deich mbliana tar éis oscailt Phríosún Chill Mhaighneann, díbríodh Michael Dwyer (1771-1815), ceannaire chraobh Chill Mhantáin de na hÉireannaigh Aontaithe, ó Chill Mhaighneann go dtí an Astráil, agus a theaghlach ina theannta. Tar éis dó a théarma príosúnachta a chríochnú, liostáil sé san fhórsa póilíneachta amuigh ann.

Nuair a theip ar Éirí Amach Éire Óg in 1848 gabhadh William Smith O’Brien (1803-1864) agus Thomas Francis Meagher (1823-1867) agus coinníodh i gCill Mhaighneann iad. Tá pictiúr díobh anseo, é tógtha sa Phríosún is dócha. Tá Smith O’Brien ina shuí agus Meagher ar thaobh a láimhe clé. Laghdaíodh an bhreith bháis a bhí leagtha orthu go breith díbeartha, agus seoladh iad beirt chuig Críoch Van Diemen. Chuir Smith O’Brien a théarma isteach agus d’fhill sé ar Éirinn ina dhiaidh. D’éirigh le Meagher éalú agus thaistil sé go Meiriceá, áit ar éirigh go maith leis i mBriogáid Nua-Eabhrac na nÉireannach. Ceapadh ina Ghobharnóir Gníomhach ar Montana é in imeacht ama.

Tháinig deireadh le cleachtas na díbeartha chun na hAstráile ar deireadh toisc go raibh muintir na hAstráile féin ag cur ina choinne. San ochtó bliain a mhair sé bhí os cionn 800 soitheach príosúnachta tar éis thart ar 164,000 príosúnach a thabhairt ‘an loch amach’. Éireannaigh ba ea an ceathrú cuid díobh siúd. Tagann sliocht na bpríosúnach a díbríodh ó iosta Chill Mhaighneann ar cuairt go dtí an Príosún go minic ar na saolta seo.

Léigh faoi Bhosca Díbeartha Sheahan atá le feiceáil sa Bhailiúchán.