Oifig na nOibreacha Poiblí

Músaem Phríosún Chill Mhaighneann

 

 

Fáilte go dtí Músaem Phríosún Chill Mhaighneann

Ar feadh os cionn 100 bliain, coinníodh na milte fear, ban agus leanaí i bPríosún Chill Mhaighneann, cuid acu daortha as mionchoireanna neafaiseacha, a thuilleadh as bheith sáite i gcuid de na heachtraí ba mhó le rá i stair na hÉireann.Turas trí stair na hÉireann atá i gceist le cuairt ar Phríosún Chill Mhaighneann. Beidh léargas le fail agat orthu siúd a coinníodh anseo mar ghnáthphríosúnaigh, chomh maith leo siúd a throid ar son shaoirse na hÉireann. Ó Éirí Amach 1798, go dtí Éirí Amach na Cásca 1916, An Cogadh Angla-Éireannach (1919-21), go dtí croíbhriseadh Chogadh na gCarad (1922-23), tá caibidil ag na heachtraí tábhachtacha sin go léir i scéal Phríosún Chill Mhaighneann.

Cuairt a Thabhairt ar Phríosún Chill Mhaighneann

Ar thuras treoraithe amháin a bhíonn cead isteach go dtí an Príosún. Mar sin, ar eagla go gcaillfeá amach, molaimid go gcuirfeá do thicéad in áirithe roimh ré. Mura bhfuil an t-am nó an data is ansa leat le fáil, seiceáil ár suíomh idirlín gach maidin i ndiaidh 9.15am chun na háirithintí a cuireadh ar ceal an lá sin a fheiceáil. Ba chóir thart ar 90 nóiméad a fhágáil le haghaidh do thurais. Maireann an turas treoraithe uair an chloig, agus beidh cead isteach go dtí an músaem agat chomh maith.Foirgneamh stairiúil é an Príosún agus tá dúshláin áirithe ag baint leis maidir le cúrsaí rochtana. Mar sin, ba chóir do chuairteoirí a úsáideann cathaoir rothaí agus do chuairteoirí a bhfuil cúram speisialta de dhíth orthu a bheith i dteagmháil linn roimh ré ag kilmainhamgaol@opw.ie sula gcuirtear ticéid in áirithe, agus is féidir linn na socruithe cuí do do chuairt a dhéanamh.

Más mian leat cuairt scoile a eagrú, tá an t-eolas go léir atá uait le fáil ar ár leathanach oideachais. Braitheann áirithintí de dheichniúr nó níos mó ar spás a bheith ar fáil. Is féidir rphost a sheoladh chuig kilmainhamgaol@opw.ie chun eolas sa bhreis a fháil.

Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta

Mar chuid dár gcomóradh ar an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta 2023, tá Músaem Phríosún Chill Mhaighneann ag cur ticéid saor in aisce ar fáil do thurais threoraithe ar Dé Sathairn 12 Lúnasa.

Ní mór ticéid a chur in áirithe ar líne roimh ré agus caithfidh gach cuairteoir ticéad a bheith acu. Ní cheadófar áirithintí sa bhreis ná áirithintí grúpaí. Coimeádann Príosún Chill Mhaighneann an ceart aige féin aon áirithint(í) ar thicéid os cionn an uasmhéid atá ceadaithe a chealú.

Sa chás nach mbeidh tú ábalta a bheith i láthair don turas atá curtha in áirithe agat ar chúis ar bith, déan teagmháil le kilmainhamgaol@opw.ie chun do áirithint a chealú, le do thoil.

Ticéid a chur in Áirithe

Ó Phríosún go Séadchomhartha Náisiúnta

D’oscail Príosún Chill Mhaighneann ar dtús sa bhliain 1796 mar an Príosún Contae nua do Bhaile Átha Cliath. Gnáthphríosúnaigh ba ea an chuid is mó acu siúd a daoradh sa Phríosún ach is ann a coinníodh príosúnaigh pholaitiúla ó ghluaiseacht na saoirse in Éirinn chomh maith. Orthu siúd a coinníodh anseo bhí Robert Emmet, Anne Devlin, na Fíníní, Charles Stewart Parnell, An Chuntaois Markievicz agus ceannairí Éirí Amach na Cásca 1916. Cuireadh ceithre dhuine dhéag de cheannairí 1916 chun báis os comhair scuad lámhaigh i gClós na mBristeoirí Cloch anseo. Dúnadh an Príosún in 1924 ach caomhnaíodh mar shéadchomhartha náisiúnta é sna 1960idí agus rinne Coiste Athchóirithe Phríosún Chill Mhaighneann é a athnuachan. Bronnadh ar an Stát é in 1986 agus tá sé faoi smacht Oifig na nOibreacha Poiblí sa lá atá inniu ann.

Taispeántais Shealadacha

Tá Príosún Chill Mhaighneann lom lán de scéalta, agus de ghrá iad a insint bíonn taispeántais shealadacha á óstáil anseo againn go minic. Is é an taispeántas san am i láthair

Pleanáil Cuairt

Uaireanta Oscailte, suíomh, cúrsaí taistil agus a thuilleadh.

Ceannaigh Ticéid

Ceannaigh ticéid ar líne anois, chun áit a chinntiú ar ár dturas cáiliúil.

Bailiúchán

Buaicphointí an bhuanbhailiúcháin.

Oideachas

Eolas do mhúinteoirí agus do scoláirí.

Tá foscríbhinní iomlána agus eolas a bhaineann le cóipcheart do na híomhánna ar fad le fáil sna Gailearaithe. Más mian leat úsáid a bhaint as aon cheann de na híomhánna ar an suíomh gréasáin seo, téigh i dteagmháil linn le do thoil.

Aon naisc ar an suíomh gréasáin seo chuig ábhar seachtrach, tá siad ann chun críocha tagartha agus ní chuireann siad in iúl go n-aontaímid lena bhfuil iontu.