Pleanáil Cuairt

Uaireanta Oscailte

Tá Príosún Chill Mhaighneann oscailte ar feadh na bliana go léir, ach amháin an 24, 25, 26 & 27 de mhí na Nollag.
Deireadh Fómhair – Bealtaine (san áireamh): 09:00 -17:15
Cead isteach deireanach uair an chloig roimh am dúnta.

Suíomh

Tá an Príosún 3.5km ó lár chathair Bhaile Átha Cliath, i gCill Mhaighneann.

Taisteal

Bus Átha Cliath: uimh. 69, 79 ó Ché Aston, BÁC 2; uimh. 13 agus 40 ó Shráid Uí Chonaill, BÁC 1, nó ó Fhaiche an Choláiste, BÁC 2. Seiceáil suíomh idirlín Bhus Átha Cliath d’eolas sa bhreis.
Tram Luas: líne dhearg – Bóthar na Siúire an stop is gaire. Seiceáil suíomh idirlín an Luais d’eolas sa bhreis.
Tá páirceáil theoranta do chóistí ar fáil ag tosach an fhoirgnimh.

Músaem Phríosún Chill Mhaighneann
Tarraing an fhíor bhuí go dtí an pionna dearg chun féachaint ar an suíomh ag leibhéal radhairc sráide.

Áiseanna

Tá caifé lonnaithe ar an gcéad urlár de Theach na Cúirte.

An Nuacht is Déanaí

Turais Threoraithe

Is ar thuras treoraithe amháin atá cead cuairt a thabhairt ar an bPríosún. Tá uasmhéid de 35 duine ar gach turas. Is gá gach grúpa ina bhfuil níos mó ná deichniúr (10) a bheith curtha in áirithe roimh ré.

Is féidir turais a fhreastalaíonn ar riachtanais speisialta a chur in áirithe roimh ré – téigh i dteagmháil linn le do thoil. Ní mór smaoineamh gur suíomh an-ghnóthach é Príosún Chill Mhaighneann, agus má thagann tú gan ticéad a bheith curtha in áirithe agat, go bhfuil an baol ann go gcuirfí moill fhada ort. Is féidir do thicéad a chur in áirithe ar líne anseo.

Cuairt

Uair an chloig go leith ar an meán a mhaireann cuairt ar an bPríosún. Maireann na turais threoraithe ar an bhfoirgneamh tuairim is uair an chloig. Bíonn an Príosún an-fhuar i rith an gheimhridh agus mar sin mholfaimis go ngléasfaí dá réir.

Grianghraif / Fístéipeanna

Tá cead grianghraif a ghlacadh; níl cead fístéipeanna.

Cead Isteach

Praghas na dticéad don Phríosún (turas treoraithe san áireamh):
Ar an láthair: €8 (duine fásta), €6 (seanóir), €4 (páiste/ mac léinn), €16 (teaghlach). Glactar le cártaí creidmheasa/dochair ag an oifig fáilte.
Ar líne (brúigh anseo le cur in áirithe ar líne): €7 (duine fásta), €5 (seanóir), €3 (páiste/ mac léinn), €15 (teaghlach).
€6 an duine an praghas atá ar áirithintí grúpa. Is ar thuras treoraithe amháin atá cead cuairt a thabhairt ar an bPríosún. Ní scaoilfear isteach mionaoisigh neamhthionlactha (faoi 18). Tá cead isteach saor in aisce acu siúd le Cárta Oidhreachta. Tá cead isteach saor in aisce ag grúpaí scoile chomh maith.

Íoslódáil

Treoir go dtí an Príosún in English, Gaeilge, Español, Italiano, Deutsche, nó Français.

Faigh amach a thuilleadh ...

… faoin Scéim um Thurasanna Oideachais in Aisce do Scoileanna.

Sa Cheantar Freisin

Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann

Fad: 110m go dtí an geata is gaire.
Féach go háirithe Acra an Bhulaí, reilig le stair de mhíle bliain ar an bhfearann.

Páirc an Fhionnuisce

Fad: 1.6km go dtí an geata is gaire.
Ceann de na páirceanna cathrach múrtha is mó san Eoraip. Tá réimse de thaitneamhachtaí oidhreachta le fáil istigh.

Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann

Tíolactha do chuimhne na saighdiúirí Éireannacha a bhásaigh sa Chogadh Mór, is é seo ceann de na leachtanna cuimhneacháin cogaidh is cáiliúla san Eoraip.

Dún Richmond

Fad: 1.3km.
Ó bheairic go príosún go scoil go hiarsmalann, bhí dlúthbhaint ag an séadchomhartha stairiúil seo le Saoirse na hÉireann. Osclófar don phobal ar an 2 Bealtaine, 2016.

Sábháil am agus ceannaigh do thicéid ar líne roimh do chuairt.